Siúlach Scéalach 5 n

Match the answers to the appropriate questions.

An mbíonn tú ar na meáin shóisialta go minic?
An mbaineann tú úsáid as na meáin shóisialta?
Cad nach maith leat faoi na meáin shóisialta?
Cad is maith leat faoi na meáin shóisialta?
An gcaitheann tú an iomarca ama ar na meáin shóisialta?
Bhuel, tá cuntais dhifriúla agam don obair agus do mo shaol pearsanta, agus bím ag dul eatarthu an t-am ar fad. Mar sin, is dócha go gcaitheann!
Bainim an-úsáid astu mar tá comhlacht beag agus is iontach an phoiblíocht é a bheith gníomhach ar na meáin shóisialta.
Ní déarfainn go gcaithim a lán ama orthu, ach féachaim orthu ó am go ham, nuair nach bhfuil mé gnóthach le cúrsaí eile.
Is éasca teagmháil a dhéanamh le daoine ar na meáin shóisialta. Bímse ag obair ón mbaile agus mar sin, ní fheicim a lán daoine ó lá go lá.
Cuireann na fógraí isteach go mór orm. Faighim a lán fógraí i rith an lae agus níl a fhios agam conas iad a mhúchadh!

Leave a Reply