Comhrá 15: A Holiday Abroad

Role-play

Eoin:

Tá dath na gréine ort, a Mháiréad.
You have a colour from the sun, Máiréad.

Caithfidh go raibh tú thar lear?!
You must have been abroad?


Máiréad:

Bhí, a Eoin.
Yes, Eoin.

Táim féin agus Páidí díreach tar éis coicís a chaitheamh sa Ghréig.
Myself and Páidí are just after spending a fortnight in Greece.


Eoin:

Go haoibhinn!
Delightful!


Máiréad:

Níl aon ní níos deise ná saoire ghréine i ndúluachair na bliana!
There is nothing nicer than a sun holiday in the depth of winter!


Eoin:

Nach fíor é!  
Isn’t it true!

Cad a rinne sibh thall ansin?
What did ye do over there?


Máiréad:

Chaitheamar an chéad chúpla lá ar sciuird chathrach san Aithin.
We spent the first few days on a city break in Athens.

Thugamar cuairt ar roinnt de na láithreacha ársa.
We visited some of the ancient sites.

Bhaineamar an-sult as an bPartanón agus as an bhFóram Rómhanach.
We really enjoyed the Partenon and the Roman Forum.


Eoin:

Ba lánúin léannta riamh sibh!
You were always a scholarly couple!


Máiréad:

Fan anois go gcloisfidh tú!               
Wait now til you hear!

Chaitheamar an chuid eile den tsaoire i mbun cúrsa Sean-Ghréigise ar oileán Santorini.
We spent the rest of the holiday doing a course in Ancient Greek on the island of Santorini.

Bhí sé an-spéisiúil.
It was very interesting.

Ar maidin amháin a bhí ranganna ar siúl, agus mar sin bhí neart ama againn chun a bheith ag sú na gréine ina ndiaidh.
Classes were only on in the morning, and so we had plenty of time to be sunbathing after them.


Eoin:

Thuig mise go raibh an tSean-Ghréigis marbh, a Mháiréad.
I understood that the Ancient Greek language was dead, Máiréad.  

An bhfuil dul amú orm?
Am I mistaken?


Máiréad:

Ní labhraítear a thuilleadh í, ach is rud fíorthaitneamhach é miotaseolaíocht na Gréige a léamh sa teanga a labhraítí fadó fadó nuair a bhí Homer féin beo.
It is no longer spoken, but it is a truly enjoyable thing to read Greek mythology in the language that was spoken long, long ago when Homer himself was alive.


Eoin:

Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbeidh mé féin ag triall ar Santorini lá éigin le cúrsa a dhéanamh!
You wouldn’t know, maybe I’ll be heading over to Santorini myself some day to do a course!


Máiréad:

Ha! Nó an ag déanamh bolg le gréin amháin a bheifeá?!
Ha! Or would you just be sunbathing?!


Role-play with phonetics

Eoin:

Tá dath na gréine ort, a Mháiréad. /Thaw dah nuh gray-neh urth. A Vaw-ray-id/

You have a colour from the sun, Máiréad.

Caithfidh go raibh tú thar lear?!
/Kho-hig guh rev thoo har lyar?/

You must have been abroad?


Máiréad:

Bhí, a Eoin.
/Vee a oh-in/

Yes, Eoin.

Táim féin agus Páidí díreach tar éis coicís a chaitheamh sa Ghréig.
/Thaw-im fayn ah-guss Paw-id-ee dee-rukh thar aye-ish ky-keess a kho-hiv suh Grray-ig/

Myself and Páidí are just after spending a fortnight in Greece.


Eoin:

Go haoibhinn!
/Guh hee-vin!/

Delightful!


Máiréad:

Níl aon ní níos deise ná saoire ghréine i ndúluachair na bliana!
/Neel ayn nee nee-us deh-ish-eh naw see-uh grray-in-eh I noo-loo-ukh-irr nuh blee-an-uh/

There is nothing nicer than a sun holiday in the depth of winter!


Eoin:

Nach fíor é!  
/Nokh fee-ur aye/

Isn’t it true!

Cad a rinne sibh thall ansin?
/Khod a rinne shiv howl un-shin?/

What did ye do over there?


Máiréad:

Chaitheamar an chéad chúpla lá ar sciuird chathrach san Aithin.
/Kha-ham-ur un khee-ud khoo-pluh law air shkew-ird kho-rukh sun A-hin/

We spent the first few days on a city break in Athens.

Thugamar cuairt ar roinnt de na láithreacha ársa.
/Hug-a-mur koo-irt air rynt deh nuh law-hir-ukh-uh or-suh/


We visited some of the ancient sites.

Bhaineamar an-sult as an bPartanón agus as an bhFóram Rómhanach.
/Vwin-ah-mur on-sulth os un bar-thah-nown ah-guss os un vorr-um Roh-wawn-ukh/

We really enjoyed the Partenon and the Roman Forum.


Eoin:

Ba lánúin léannta riamh sibh!
/Buh law-noo-in lay-un-thuh ree-uv shiv!/

You were always a scholarly couple!


Máiréad:

Fan anois go gcloisfidh tú!  
/Fon ah-nish guh glush-igg thoo/             

Wait now til you hear!

Chaitheamar an chuid eile den tsaoire i mbun cúrsa Sean-Ghréigise ar oileán Santorini.
/Kho-ham-ur un kwid eh-il-leh den thee-rreh ih mun khoo-ur-suh Shan-Gray-ig-ih-sheh air ill-awn Santorini/

We spent the rest of the holiday doing a course in Ancient Greek on the island of Santorini.

Bhí sé an-spéisiúil.
/Vee shay -on-spay-ish-oo-il/

It was very interesting.

Ar maidin amháin a bhí ranganna ar siúl, agus mar sin bhí neart ama againn chun a bheith ag sú na gréine ina ndiaidh.
/Air moh-id-in ah-vaw-in a vee rowng-un-ah air shoo-il, a-guss vee nyart oma ah-gwinn khun a veh egg soo nuh gray-in-eh ina nee-ig/

Classes were only on in the morning, and so we had plenty of time to be sunbathing after them.


Eoin:

Thuig mise go raibh an tSean-Ghréigis marbh, a Mháiréad.
/Higg mish-eh guh rev un Tan-Grray-gish morr-uv, a Vaw-ray-id/

I understood that the Ancient Greek language was dead, Máiréad.  

An bhfuil dul amú orm?
/Un will dul ah-moo ur-um?/

Am I mistaken?


Máiréad:

Ní labhraítear a thuilleadh í, ach is rud fíorthaitneamhach é miotaseolaíocht na Gréige a léamh sa teanga a labhraítí fadó fadó nuair a bhí Homer féin beo.
/Nee louw-ree-thur a hill-eh ee, okh iss rud fee-ur-ha-nev-ukh aye myut-as-o-lee-ukhth nug Grray-ig-eh a lay-uv suh tang-guh a louw-ree-tee fah-dho fah-dho noo-ir a vee Homer fayn byo/

It is no longer spoken, but it is a truly enjoyable thing to read Greek mythology in the language that was spoken long, long ago when Homer himself was alive.


Eoin:

Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbeidh mé féin ag triall ar Santorini lá éigin le cúrsa a dhéanamh!
/Nee vekh a iss a-guth, baydir guh megg may fayn ehh trree-ul air Santorini law ay-ginn leh koo-ur-suh a yeen-uv!/

You wouldn’t know, maybe I’ll be heading over to Santorini myself some day to do a course!


Máiréad:

Ha! Nó an ag déanamh bolg le gréin amháin a bheifeá?! /Ha! No un ag dee-un-uv bull-ug leh grrayn ah-vaw-in a veh-faw?!/

Ha! Or would you just be sunbathing?!


Grammar notes

Eoin:

Tá dath na gréine ort, a Mháiréad.
You have a colour from the sun, Máiréad.

Caithfidh go raibh tú thar lear?!
You must have been abroad?

Caithfidhmodal verb expressing certainty or likelihood
Caithfidh go bhfuil tuirse ort – you must be tired

thar lear – over sea(s)
lear = sea, ocean (but is not used other than in this context)
lear – another form of this word means ‘great number or amount’
lear mór daoine – a great many people


Máiréad:

Bhí, a Eoin.
Yes, Eoin.

Bhí – the verb ‘bí’ (to be) past tense.

Táim féin agus Páidí díreach tar éis coicís a chaitheamh sa Ghréig.
Myself and Páidí are just after spending a fortnight in Greece.

sa Ghréig – séimhiú on nouns beginning with b, c, f g, m and p following ‘sa’.
When the definite article (an) forms part of the country’s name we use sa (consonant) or san (vowels) to say ‘in’ that country :
An Ghréig (Greece) > sa Ghréig (in Greece)
An Iodáil (Italy)> san Iodáil (in Italy)
Feminine nouns starting with s take prefix t after sa
sa seomra (masc.) but sa tsráid (fem.)


Eoin:

Go haoibhinn!
Delightful!

Go haoibhinn – prefix h on adjectives beginning with a vowel following the particle go.


Máiréad:

Níl aon ní níos deise ná saoire ghréine i ndúluachair na bliana!
There is nothing nicer than a sun holiday in the depth of winter!

– thing
nithe – things

deas – nice
níos deise – nicer
is deise – nicest

– than (used when making comparisons)
nó – or


Eoin:

Nach fíor é!  
Isn’t it true!

Nach fíor é! – negatively framed rhetorical question
An fíor é? – Is it true?
Ní fíor é – it is not true
Is fíor é – It is true.

Cad a rinne sibh thall ansin?
What did ye do over there?

Cad a rinne sibh?– past tense of the irregular verb déan.
In Munster this would be said: ‘cad a dheineabhar?’


Máiréad:

Chaitheamar an chéad chúpla lá ar sciuird chathrach san Aithin.
We spent the first few days on a city break in Athens.

an chéad chúpla – where céad means ‘first’ it causes séimhiú.. Where it means ‘hundred’ it does not: céad punt – a hundred pounds.

sciuird chathrach – city break
sciuird – flying visit
cathair (city) > cathrach (genitive) > chathrach (séimhiú applied because sciuird is a feminine noun).

Thugamar cuairt ar roinnt de na láithreacha ársa.
We visited some of the ancient sites.

láthair – site > láithreacha – sites

Bhaineamar an-sult as an bPartanón agus as an bhFóram Rómhanach.
We really enjoyed the Partenon and the Roman Forum.

bhaineamar – past tense first-person plural of verb bain (to reap, pick, extract from)

as an bhFóram Rómhanach – urú, the dative case


Eoin:

Ba lánúin léannta riamh sibh!
You were always a scholarly couple!

ba – past tense affirmative form of the copula is


Máiréad:

Fan anois go gcloisfidh tú!               
Wait now til you hear!

go gcloisfidh tú!
conjunction go meaning ‘until’.
Causes urú.
Fan go bhfeicfidh tú – wait til you see.

Chaitheamar an chuid eile den tsaoire i mbun cúrsa Sean-Ghréigise ar oileán Santorini.
We spent the rest of the holiday doing a course in Ancient Greek on the island of Santorini.

an chuid eile – the other part (i.e. ‘the rest’)
an chuid is mó – the greater part
an chuid is lú – the least part

cúrsa Sean-Ghréigise – Sean-Ghréigis is in the genitive case.

Bhí sé an-spéisiúil.
It was very interesting.

Ar maidin amháin a bhí ranganna ar siúl, agus mar sin bhí neart ama againn chun a bheith ag sú na gréine ina ndiaidh.
Classes were only on in the morning, and so we had plenty of time to be sunbathing after them.

Ar maidin amháin – in the morning only
Ar maidin – in the morning
Maidin amháin – one morning

ag sú na gréine – ‘absorbing the sun’ (sunbathing)
– verbal noun of súigh (‘to absorb, suck’)

ina ndiaidh – after them
ina diaidh – after her/it (fem.)
ina dhiaidh – after him/it (masc.)


Eoin:

Thuig mise go raibh an tSean-Ghréigis marbh, a Mháiréad.
I understood that the Ancient Greek language was dead, Máiréad.  

an tSean-Ghréigis – prefix t after definite article an (all languages in Irish are feminine nouns except for Béarla).

An bhfuil dul amú orm?
Am I mistaken?


Máiréad:

Ní labhraítear a thuilleadh í, ach is rud fíorthaitneamhach é miotaseolaíocht na Gréige a léamh sa teanga a labhraítí fadó fadó nuair a bhí Homer féin beo.
It is no longer spoken, but it is a truly enjoyable thing to read Greek mythology in the language that was spoken long, long ago when Homer himself was alive.

fíorthaitneamhach – truly enjoyable
fíor – prefix meaning ‘true, real, intense, very’.
Causes séimhiú on the word that it is added to.

a labhraítí – that was spoken. Past tense habitual, passive voice.

fadó – long ago
fadó fadó – long long ago.


Eoin:

Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbeidh mé féin ag triall ar Santorini lá éigin le cúrsa a dhéanamh!
You wouldn’t know, maybe I’ll be heading over to Santorini myself some day to do a course!


Máiréad:

Ha! Nó an ag déanamh bolg le gréin amháin a bheifeá?!
Ha! Or would you just be sunbathing?!

bolg le gréin – idiomatic expression (you would expect ‘bolg le grian‘)
bhí siad ag déanamh bolg le gréin ina gcraiceann – they were sunbathing in their skin (i.e. in the nude).


Questions

  • An raibh tú sa Ghréig riamh?(Were you ever in Greece?)
  • Cad iad na teangacha atá agat? (What languages can you speak?)
  • Cén tsaoire is deise a bhí agat riamh? (What was the best holiday that you ever had?)
  • As na tíortha a raibh tú iontu, cad iad na cinn is mó a thaitin leat? (Of the countries that you have been in, what are the ones that you liked most?)
  • Cén tír is lú a thaitin leat as na cinn a raibh tú iontu? (What is the country that you liked least of the countries that you have been in?)
  • Ar mhaith leat bliain iomlán a chaitheamh ag taisteal ar fud na cruinne, dá mbeadh an t-am agus an t-airgead agat chuige? (Would you like to spent an entire year travelling around the world, if you had the time and the money for it?)
  • An bhfuil spéis agat sa spástaisteal? (Are you interested in space travel?)

Teagascóir: Glac pictiúr den ngrúpa.