silachscalach7c

 
Now fill in the blanks

SÉAMAS: Breithlá sona duit, a chara, go maire tú an !
ÉAMONN: Go raibh maith agat, ach tá tamall eile le dul fós!
SÉAMAS: Muise, cad atá san ach uimhir? Fad is a bhfuil croí éadrom agus cosa scafánta agat!
ÉAMONN: Agus intinn ghéar!
SÉAMAS: Bhfuil a fhios agat, tá an ceart ar fad agat. Bhí mise ag léamh ailt faoin tsláinte chognaíoch agus, de dealraimh, tá an aclaíocht intinne chomh tábhachtach is atá an aclaíocht choirp.
ÉAMONN: Tá sin ag teacht leis an méid a mo dheartháir. Dochtúir teaghlaigh is ea é agus deir sé gur drochrud é nuair a théann daoine ar scor ón obair agus ní fhaigheann an intinn dúshlán.
SÉAMAS: Sin é go díreach, caithfimid dúshlán eile a aimsiú. Crosfhocal nó puzal eile sa nuachtán, abair. Teanga nua a fhoghlaim, b’fhéidir. Aon rud a choinneoidh an intinn gníomhach.
ÉAMONN: Aontaím go huile is go hiomlán . Ach déarfainn go bhfuil an saol sóisialta tábhachtach chomh maith. Is rud maith don chuimhne a bheith ag caint le daoine agus ag caitheamh ama le do mhuintir. Bíonn m’athair féin ag freastal ar chlub na seanóirí agus bíonn cuma óg air tar éis.
SÉAMAS: Agus rud eile: ar léigh tú riamh agallamh le duine atá céad bliain d’aois? Cuirtear an cheist chéanna orthu i gcónaí, “cad é an cleas a bhaineann le saol ?”, agus an rud a thagann chun cinn ná gur daoine réchúiseacha iad a thógann an saol go deas bog.
ÉAMONN: Bhuel, beidh mise réchúiseach má bhainim an céad amach, déarfaidh mé sin leat!
SÉAMAS: Á, chuir tú an roimh an gcapall! Tóg an saol go bog agus tá seans ann go mbainfidh tú an céad amach…

Leave a Reply