Triail Néill

Welcome to your Triail Néill

Name
Email
Cá bhfuil Cathair na Mart?

Cad iad na contaetha a bhfuil Corn Mhig Uidhir buaite acu ón bhliain 2012?

Cé mhéad contae atá i gCúige Uladh?

Cad iad na contaetha gan chósta?

Cá bhfuil Daingean Uí Chúis

Add description here!

An mbíonn Oireachtas na Gaeilge ar siúl i mí na Samhna?

Bíonn
Ní bhíonn
Líon na bearnaí thíos

Tá Kate Bush ina ag barr na gcairteacha anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i dtíortha eile ar fud an lena cáiliúil ‘Running Up That Hill’. Rás fada ar fhána ghéar a bhí ann. Eisíodh ‘Running Up That Hill’ den chéad uair i mí Lúnasa 1985, an chéad singil ón albam Hounds Of Love, an cúigiú a d’eisigh Kate Bush.

Tá na milliúin daoine ar fud na cruinne tar éis aithne a chur ar an amhrán ‘Running Up That Hill’ agus ar Kate Bush í féin i ndiaidh don amhrán a bheith ar fhuaimrian i radharc tábhachtach sa tsraith theilifíse Stranger Things. Nós seanbhunaithe atá ann amhráin a úsáid le cur le scannáin, cláir theilifíse agus fógraí, agus ba mhinic a bhain na hamhráin seo rath agus séan amach i gcairteacha ceoil. Is feiniméan difriúil é scéal ‘Running Up That Hill’, agus tá Kate Bush i ndiaidh trí churiarracht a shárú lena móramhrán ó lár na n-ochtóidí.

Tá an t-aistear is faide go barr na cairte riamh déanta ag ‘Running Up That Hill’. Bhain an rian a cheann scríbe amach 37 bliain i ndiaidh don amhrán a bheith eisithe den chéad uair. Ní hamháin sin, ach tá sé 44 bliain ó bhain Kate Bush barr na cairte a bhaint amach roimhe seo, nuair a chaith ‘Wuthering Heights’ seal ag uimhir a haon sa bhliain 1978. Spéisiúil go leor, is í Kate Bush an bhean is sine a bhain barr na cairte amach, agus í trí bliana agus trí scór le linn do ‘Running Up That Hill’ a bheith mar an t-amhrán is rathúla sa tír.

Deirim gur rud spéisiúil é, mar gurb í an Kate Bush céanna a bhain barr na cairte amach le ‘Wuthering Heights’ i 1978. Ní raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois agus ba í Kate an chéad bhean a chum agus a chan amhrán a bhain barr na cairte amach. Tá na milliúin ag cur aithne ar Kate Bush don chéad uair, gan clú dá laghad ar eolas acu fúithi seo. Ach, sula raibh an domhan siúlta ag Madonna, Taylor Swift, Adele, Lady Gaga agus go leor amhránaithe is scríbhneoirí eile, d’athraigh Kate Bush an tírdhreach ceoil do na mná a bhí ag iarraidh a cuid ceoil féin a roinnt leis an domhan mór.

Ba cheannródaí í Kate Bush i gcónaí. Táimse faoi dhraíocht aici ó bhí mé cúig bliana déag d’aois agus faighim tuiscint níos doimhne ar a cuid ceoil de réir má a théim in aois. Cheannaigh mé a céad albam The Kick Inside ar dhlúthdhiosca i Zhivago Records. Bhíomar ar thuras scoile i nGaillimh agus chaith mé an turas ar ais go Dún na nGall ag cur aithne ar a cuid amhráin eisceachtúla. Níor stop mé ag éisteacht léi ó shin.
An mbeidh aonach amárach i gContae an Chláir?

Faoiseamh a Gheobhadsa, le do thoil

Leave a Reply